About Finola

Mo Scéal Féin:

Cé gur i mBaile Átha Chliath a rugadh ‘is a tógadh mé (sa chuid is mó), ba dheachair dom dúchas Chorca Dhuibhne a sheachaint. Chaitheamar gach aon samhradh i gCeann Trá, an áit inar saolaíodh m’athair, agus chuas chun cónaí ann sna hochtódaí ar feadh roinnt blianta. Cheapas ar dtús gur ó thaobh mo mháthar, áfach, a thánaigh féith an cheoil chugam. Amhránaí binn is ea í agus ba cheoltóirí a muintir i gCo. Na Mí – bhíodh banna ceoil acu don teideal "The Heather Breeze". Ach fuaireas amach gurbh amhránaithe agus ceoltóirí iad muintir m’athar leis, cé go rabhas ró-óg len iad a chloisint. Ar ndóigh, bhailigh mo shean-uncail Pádraig (An Seabhac) amhráin don leabhar "Londubh an Chairn" agus chum sé amhrán cáiliúil don teideal "Beir mo Dhúthracht". Bhíos im dhéagóir nuair a chuala an Clár Bog Déil don chéad uair ar an gcéirnín "An Ciarraíoch Mallaithe" agus sheol sé sin i dtreo amhráin na háite mé. Táim fíor-bhuíoch dos na hamhránaithe ar fad go bhfuaireas amhráin uathu ón am sin i leith.

SPECIAL OFFER

2 ALBUMS for only €18
FREE POSTAGE WORLDWIDE

(Searc mo Chléibh and Solas na Soilse)