Complete Lyric Sheet
The Little Field of Barley
Is buachaillín fíor-óg mé, go bhfóire orm Rí na nGrás,
Thug searc do chailín óg, i dtigh an ósta le cómhrá gearr.
Ni raibh hata uirthi na húda, ná búclaí déanta den phrás.
Ach téip i gcluais a bróigín, is í mo stóirín í go bhfaighidh mé bás.
Is móra dhuit, a éinín, ag léimnigh ó thor go tor.
Dá neosfainn brí mo scéil duit, ní féidir ach go ndéanfá rún.
Beir litir uaim faoi shéala, go cúlchraobhach an óir-fhult fhionn
Go bhfuil mo chroí a chéasadh, is nach féidir liom codhladh ciúin.
Ta gaoth aneas is tóirneach, is mórshruth le habhann na Laoi.
Sneachta ar na bóithre, is mórshioc a mheascadh tríd.
Ni fhanann fuaim ag róntaibh, ná ceol binn ag éan ar chraoibh
Ó chailleasa mo chéad-shearc, is í a thógfadh an ceo de m' chroí.
Is ní dod ghoirtín eornan, a stóirín, do thugas grá.
Ná dod cúpla coifrín den óir bhuí, dá mbeidíst lán
Dod chapaill na dod bhólacht, go deo, deo, ní chuirfinn i bfháigh
Ach blas do cúpla phóigin, sé is dóigh liom gurb iad ab bfhearr.
" . . . There is no sound from the seals or sweet music from the birds on the branch since I lost my first-love, who would take the mist from my heart . . . It wasn’t for the little field of barley, my dear, that I loved you . . . but for the taste of a few of your kisses . . . "
Ó amhránaíocht Eibhlín Ní Bheaglaíoch, Baile na bPoc, a d’fhoghlaimíos í seo.
2. Raghadsa is mo Cheaití
I would go rambling the mountains with my Ceaití . . .
Ó raghadsa is mo Cheaití bhálcaeireacht amach ar na sléibhte cuain.
Nó ar oileáinín mhara liom féinig mar a dtéann na héin chun suain.
Ansúd a bhíodh nead ag an bhfiach dubh, ‘s an fiolar ag éamh cois cuain
Agus mise á agairt chun Dé suas solas an lae bhreith uaim.
Ó’s a Cheaití, nach náireach mar scéal é, má imíonn tú in aon chor uaim.
Mar gur gheallais don sagart ná déanfá, mé a mhalairt go raghainn san uaigh.
Do cuireadh bocht dealbh sa tsaol mé, is mo charaid i bhfad uaim,
Ó is a Dhia, go mbeirir chugat féin mé, má imíonn mo chéad shearc uaim.
Agus ciach ar an sagart a phós mé, nár fhág sé mé i dtreo na mban.
Nó ag rinnce le cailíní óga, ag ithe ‘s ag ól ‘na measc.
‘S é an ní do shuaigh ‘s do bhreoidh mé, mé a cheangal go hóg le réic.
Nár fhág mise ag cnuchairt na móna, nó ag seoladh na mbó thar lear.
‘S tá sioc agus sneachta ar na sléibhte, is mise liom féin dá siúl.
Ag féachaint chá bhfeicfinn mo spéirbhean, a bhí bacalach, péarlach, fionn.
Ba ghile ar a com í ná Venus, is ba bhinne a béal ná an fhliúit.
Ó is dá bhfaighinnse mo chumann ina haonar, do phógfainnse a béal go dlúth.
This song comes to us from the Blasket Islands. In this version, it seems that the singer fears that his wife will abandon him, whereas according to local knowledge, it is about a woman who has drowned. Either way, the singer longs to be walking with her in the mountains.
Is ó Mháiréad Bn. Mhic Dhonnchadh a d’fhoghlaimíos é seo.
3. Cáit Bhán agus í Marbh
(Táim Sínte ar do Thuama)
I am Stretched on your Grave
Táim sínte ar do thuama agus gheobhair ann de shíor mé
S' dá mbeadh barra do dhá láimh agam ní scarfainn leat choíche
A úilín, is a annsa, sé am domsa luí leat
Mar go bhfuil blath fuar na cré uait, dath na gréine is na gaoithe.
Nuair is dóigh le mo mhuintir go mbímse ar mo leabaidh
Is ar do thuama 'sea bhím sínte, ó oíche go maidean.
Ag cur síos ar gach crua-chás is ag crua-ghol go daingean
Sí mo chailín ciúin stuama do luadh liom 'na leanbh.
Tá na sagairt is na bráithre gach lá liomsa i bhfearg
I dtaobh a bheith i ngrá leat, a óigmhnaoi is tú marbh
Mar gur thug mo chroí grá duit, is go brách, brách ná scaipfidh
Nó go mbeidh an choróin deireannach orm, thíos ins an talamh.
Is tabhair mo mhallacht do do mháithrín, is ní áirímse t-athair,
Is a maireann dod do chairde, gach lá faid a mhaireann
Mar nár lig dom tú a phósadh, is tú beo agamsa id' bheathaidh,
Mar nach n-iarfainn mar spré leat, ach luí leat sa leabaidh.
In this 18th century song by an anonymous author, a distraught lover mourns his beloved in her grave and curses those who prevented him from marrying her. The English version "I am Stretched on Your Grave", translated by Frank O’Connor, and put to music by Philip King, has been popularised by Sinéad O’Connor.
D’fhloghlaimíos an t-amhrán seo ó Mháiréad Bn. Mhic Dhonnchadh ar dtús. Ní dóigh liom gur féidir an leagan sin a shárú. Seo leagan neamh-choitianta a d’fhoghlaimíos ó amhránaíocht Nell Keane ó Chlochar.
4. Nach Cloíte an Galar an Grá
(Lios Bhaile Dháith)
Isn’t Love a Subduing Disease!
‘Sé mo chreach is mo dhíth, is nach cloíte an galar an grá
Is mairg go mbíonn sé air mí, seachtain is lá
Do bhris sé mo chroí is do mhill sé an t-easnamh i’m lár
Is codladh ní bhfaighim ach ag taidhreamh ar mo dhian-ghrá.
Is é mo chreach is mo chás, nach gcáitheann sé sneachta ‘gus sioc
Mise is mo ghrá do bheith i lár na farraige amuigh
Gan loing, gan bád, gan árthach ná aon ní ar bith
Ach caite insa tsnámh is mo dhá láimh casta ina crios.
Is do casadh slua sí orm síos chun Lios Bhaile Dháith
Is d’fhiafraíosa díobh cé’n ní do leighisfeadh an grá?
Dúirt duine acu liom go ciúin, go taise is go tnáth
An rud a théann ins an chroí ná scaoiltear as é go brách.
Is a chailín bhig óig, ná pós an seanduine liath
Ná cuir do dhá láimh le grá dó thairis aniar
Mar tá’n tú beag óg is fós níor tháinig duit ciall
Is má mhaireann tú beo beidh mórchuid leanbh id’ dhiaidh.
This song was among those listed in Séamus Goodman’s collection. It is about the heart-break of love. In verse 3, the stricken lover asks the fairy people if there is a cure for love, but alas "that which goes into the heart is never released". Some of the verses are closely related to other songs, such as "Táimse i mo Shuí", but the place-name "Lios Bhaile Dháith" gives it a local flavour.
Is ó amhránaíocht Léan Bn. Uí Ghrainbhil, Feothanach (Léan Ní Dhálaigh ón gCom), a d’fhoghlaimíos an t-amhrán seo ó thaifeadadh a dhein a mac, Johnny Grainbhil, sna seachtóidí.
5. An Clár Bog Déil
The Soft Deal Board
Do phósfainn thú gan bó, gan punt, gan áireamh spré,
A chuid den tsaol le toil do mhuintire, dá mb'áil leat é.
Is é mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh
I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach an clár bog déil.
Siúil, a chogar, is tar i m'fhochair go dtéam on ngleann,
Is gheobhaidh tú foscadh ar leaba an fhlocais agus aer cois abhann,
Beidh na srutha ag déanamh torainn faoi ghéaga crann
Beidh an londubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.
Searc mo chléibh do thugas féin duit agus grá trí rún
Dá dtagadh sé de chor sa tsaol, go mbéinn féin is tú
Ceangal cléire bheith eadrainn araon, leis an bhfáinne dlúth
Is dá bhfeicfinn féin mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha.
"I would marry you without a cow, without a pound, without a dowry . . . Walk with me through the valley . . . the blackbird and the song-thrush will be in our company . . . If I saw my love with another man, I would die of sorrow."
Is ón gcéirnín "An Cíarraíoch Mallaithe" a d’fhoghlaimíos é seo an chéad lá. Táim go mór faoi chomaoin Mhuinitr Uí Bheaglaíoch as go leor amhrán a d’fhoghlaimíos uathu - Séamus agus Máire, ach go háirithe.
6. Tá smúit ar mo chroí
There is Sorrow in my Heart
Tá smúit ar mo chroíse 's ar m'intinn is ar m'aigne is léir
Is i gCuimín na Tíorach 'sea bhímse is gan éinne ach mé féin
Nuair a dhúisím istoíche bím ag smaoineamh 's ag machnamh, liom féin
Is go bhfuil mo ghrá sínte thíos i gCill Seanaigh im dhéidh.
D'fhág Cáit ansúd me go tinn dubhach is gan duine ach mé féin
Do chuaidh sí ar bord ón Spá Thoir le fairsinge an lae,
Do chuaidh sí siúd anonn mar a chuaidh an dúthaigh is an Daingean go léir,
Is ní thiocfaidh sí chugamsa le haon chúntas faid a mhairfidh mé, is baol.
Cuirfidh mé caint chuici go cúthail scríte i bpáipéar,
Is cuirfidh sí cabhair chugamsa go flúirseach, is nach bréag é mar scéal,
Mar ceannóidh sé sin an plúr dom, an siúicre, tobac agus tae,
agus bead-sa sa chúinne go súgach i ndeireadh mo shaoil.
A Cháit, a rúnaigh, ná lig mé ‘an Phoorhouse i ndeireadh mo ré
Nó mála ar mo ghualainn go buartha is nárbh fhairsing í an déirc
Ag lorg ionad chun suamhnis gan buannacht, nó luí amuigh féin spéir,
Is go dtugaidh Dia cúnamh, is ár gcionnta go maithidh dúinn go léir.
Ní chreidfinn ón saol ná gur bréaga go léir táid á rá,
Nach dtiocfaidh sí chugamsa fé ghúna 'gus airgead bán,
'S nach mbeidh aice aon bhólacht de bhuaibh óga agus fear álainn óg
Agus beid siúd am chaoineadh is mé sínte lag marbh ar bord.
This is a plaintive song of a father lamenting the emigration of his daughter. Left alone at home, he fears that he will end his days in the local Poorhouse.
Fuaireas an t-amhrán seo ó chnuasach Johnny Grainbhil. Pádraig Ó Conchubhair as Bhaile Dháth atá á rá. De réir an Duanaire Duibhneach, do chum Eoghan an Ghabha, fear de mhuintir Fhinn é.
7. Amhrán an tSagairt nó "An Sagairt a thit i ngrá le mnaoi óg"
The Song of the Priest
Ó is tráthnóinín aoibhinn ar faoidheachtaint na gréinne,
‘Sea do chonnacsa mo dhian-ghrá is í ag amhrán na h-aonar.
Ó do shuíosa cois tortáin agus d’éisteas léi tréimhse
Is gur bhinne liom bheith á pógadh ná ag ól fíon na Gréige.
Ar maidin Dé Domhnaigh agus deabhadh orm go dtí an tAifreann
Cuirimse orm mo léinne is an éide bhreá bheannaithe.
Nuair a chím chugam mo riúnach luíom súil uirthi i ngan fhios dóibh
Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh ach ar Bhríde, is í a chealg mé.
Nuair a thagann an oíche agus luíom chuig mo phaidire
Mo leabhartha a bhíonn im thimpeall is mo Bhíobla im aice.
Ní bhainim aon bhrí as, ná in aon chor aon tairbhe
Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh, ach ar Bhrídeach na mallan ghlas.
‘S a shagairt na n-aedh istigh, cuirim féinig suas feasta dhíot
Ó do ghabhaise i dtúis do shaoil chugat ó mar chéile Muire Bheannaithe.
Thugais leabhar éithigh ná déanfá go deo athrach
Agus cucól ní dhéanfad ar Éirinn do bhean in aithne
A Bhrídín dheas spéiriúil, ná déan sí sin ormsa,
Mar go n- imeoim ón saol seo, ní baoil duit Muire Bheannaithe.
In am lena chéile ó léar smacht na sagart súd
Agus ragham go dtí an Teampall, mar a labhrann na Protistínigh.
Agus éirigh i d’shuí a Bhrídeach agus cóiríg an leaba dhúinn
Agus fágaise rí-shlí bheag ó go luíodsa i’d aice-se.
Mar gur thréigeasa mo cháirdibh ó dtaobh máthar is athar dhom
Ó do thug suas i léinn mé ó go léifinn leabhair Laidine.
A most irreverent song, possibly from the Blasket Islands, about a young priest who falls in love with a local woman. He jauntily solves his dilemma by abandoning both family and church and joining the Protestant church "far from the control of those priests".
Tá mé fíor-bhuíoch do Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste Ollscoile, B.Á.C., agus Cartlann Fuaime Raidió Éireann as an t-amhrán iontach seo. Bhí taifeadadh acu do Eilís Bn. Uí Chearnaigh ón mBlascaod (1969) á rá. Fuaireas roinnt dos na focail ón leagan a bhí i gCnuasach na Scol, a tógadh ó Mháire Bn. Uí Ailígheasa, Na Tuairíní, Uíbh Ráthach i 1935.
8. Beir Beannacht Ó Rí na hAoine
The Blessing of the King of Friday on the island I am in . . .
Beir beannacht o Rí na hAoine ar an oileainín ina bhfuilim ann.
Mar b'fhearr liom lá is oíche ann, ná blian ar an mbaile úd thall.
Mar is ann a bhíodh an ríl againn, ceol píob agus leann ar chlár.
Agus slán ag an gcorn bhuí úd, a bhíodh á líonadh den mbranda ab fhearr.
Is ar choinnleach ghlas an fhomhair bhuí, a stóirín, 'sea do dhearcas tú.
'S ba dheas do chois i mbróigín, 'S ba ró-dheas do leagan súil.
Do ghruaigh ar dhath an óir-bhuí, 'na cordaí go fite id lúb.
'S nach trua nach lánúin phósta sinn, ar bhord loinge ag dul anonn.
Is éireoidh mé amáireach gan spleáchas, le cúnamh Dé.
Mar ní fhanfad ins an áit seo go brách, brách ar feadh mo shaol.
Mar is é do chomhrá tláth lag, do chráigh is do mhairbh mé.
Is, a Dhia, nach olc an bás, atá in ann dom má scarfaim léi.
'S do chuireas litir scríobhta, go dtí í le cúntas cruaidh
‘S do chuir sí chugam aríst í, go raibh a croí chomh dubh le gual
A com ba bhinne 'na mhílseacht, ná síoda ná clúimh na n-éan
'S nach buartha, cráite a bhímse nuair a cuimhním ar ghrá mo chléibh.
Is thíos ar ché Phort Láirge, tá an t-árthach ag brath le comhair
A thabharfaidh mé thar sáile, is go brách, brách ní chasfaidh mé.
Beidh mo mhuintir is mo chairde, go cásmhar ag gol im 'dhiadh
'S anois o raghaim thar sáile, céad slán ag grá mo chléibh.
Said to be from the Blasket Island also, this is another song of emigration. The singer sadly takes his leave of the island, having suffered a cruel rejection by his beloved.
Chuala me an t-amhrán álainn seo á chasadh don chéad uair ag socraid Sheáin de hÓra ag Áine Uí Laoithe agus
Éibhlín Ní Chearna. Is ó Shéamus Ó Beaglaíoch a d’fhoghlaimíos é. Bhí an ceathrú bhéarsa ag
Mrs. Mary Kavanagh, Feothanach, i gcnuasach Johnny Grainbhil.
9. Réidhchnoc Mná Duibhe
The Smooth Hill of the Dark Woman
Is fada mé ar buaireamh ag cur tuairisc mo ghrá
Trí ghleanntán dubhach uaigneach do mo ruagairt chun fáin
Ach a samhail siúd ni bhfuaireas cé gur chuardaíos mórán
Ó Chlaisibh na Tuama go dtí Bruachgheal na Má.
'S nuair a casadh mo ghrá orm níor lig náire dhom gan suí
Do leagasa mo láimh ar a bráid is ar a croí
Sé dúirt sí "Arú fág mé, ní samhail duit mé
Mar is bean dubhach ar a bhfán mé do ráingigh i do shlí".
"Is más bean dubhach ar a bhfán tú do ráingigh im shlí
Suigh anseo láimh liom is tabhair dúshlán faoi gach buíon
An tú an maighdean mhánla na dtáithíní buí
Nó an tú an stuairín mhilis, mhánla do sciob Párthas on dTraoi?"
Ní haon ní den méid sin, mise féin dá nduraís,
Ach cailín ciúin Gaelach ón dtaobh eile thíos,
Níor shíneasa mo thaobh deas le haon fhear san ríocht
Agus tóg díom do ghéaga, táim déanach óm’ bhuíon".
'S nuair a thógas mo ghéaga dá caol coimín síos
Ba ghile ar a taobh í ná an sneachta ar a gcraoibh
An iad sluaite Chnoc Bhréanainn do ráingigh i mo lín?
Agus uaimse gur léim sí go dtí Réidhchnoc Mná Duibhe.
Ba ghile í ná an sneachta is ná an t-airgead bán
Ba ghile í ná an fhaoileann ar líonloch ar snámh.
Ba bhreá deas iad a cuacha ina truapaill léi síos
Ar gach taobh dá guailne is iad ag luascadh le gaoith.
This song has been attributed to a man called Seoirse Robart. The singer falls in love with a fairy woman from below the hill, who leaves him to return to her people.
Fuaireas an leagan seo i gcnuasach Johnny Grainbhil. Eoin Ó Catháin, Dún Chaoin, agus Pádraig Ó Dálaigh, Inis Mhicileáin, a bhí á chasadh. Is ó amhránaíocht Pheadar Ó Cearnaigh i "Beauty an Oileáin" a fuaireas cuid dos na focail. Cé nach gcloistear an tamhrán seo go ró-mhinic, bhíodh an fonn á chur le mór-chuid amhrán, mar shampla, "Máirnéalach Loinge Mé" agus "Ar mo Dhul go Baile Átha Cliatha Dhom".
10. Máirín de Barra
A Mháirin de Barra, do mharaigh tú m'intinn
Do chuir tu beo i dtalamh mé i ngan fhios dom mhuintir.
Ar mo luí ar mo leaba dhom, is ortsa bhím ag cuimhneamh
Is ar m’éirí dhom ar maidin, gur chealg tú an croí ionam.
Do thugas is thugas is thugas óm chroí greann duit
Ar Dhomhnach Fhéile Mhuire na gcoinneal sa teampall.
Dod shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha,
Is dod bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.
Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga,
Do shíl mé tú a mhealladh le leabhair is le móide;
Do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na h-eornan,
Ach d'fhág tú dubhach dealbh ar theacht don bhliain nódh me.
Is aoibhinn don talamh a shiúlann tú féin air,
Is aoibhinn don talamh ar a sheineann tú bhéarsa;
Is aoibhinn don leaba ina luíonn tú fé éadach
Is ró-aoibhinn don bhfear, a gheobhaidh tú mar bhean chéile.
A Mháirín, glac mo chomhairle, is ná téir ar t-aimhleas;
Ná pós aon stróinse, fear séidte na hadhairce.
Ach gaibh leis an óigfhear a nglaonn siad Ó Floinn air;
Ach pós de ghrá réitigh, ós é is toil le do mhuintir.
Do shiúlfainn is shiúlfainn is shiúlfainn an saol leat;
Do raghainnse thar sáile gan dhá phingin spré leat;
Mo mhuintir 's mo chairde go brách, brách do thréigfinn,
Is go leigheasfá ón mbás me ach a rá gur leat féin mé.
"Máírín de Barra, you have killed my mind, you have buried me alive unknown to my family . . . It is wonderful for the bed in which you lie beneath the bed-clothes, it is too-wonderful for the man who will have you as his wife . . . You would heal me on my death-bed but to say that you were mine."
According to Séamus Ó Beaglaíoch, it is a Munster song from the 18th century, attributed by some to the Béara poet, Seán Ó Coileáin. It must surely be one of the most passionate love-songs in any language.
Castar leagan eile anso timpeall do Mháirín de Barra, ach is ó amhránaíocht Nioclás Tóibín a d’fhoghlaimíos é seo.